Scéalta faoi shióga. Ceol a chuala a máthair agus a máthair mór lá amháin ag dul thart leis an droichead, bhí fear ag slioparnach san uisce ach d’imigh sé leis an bhruach. Thug a máthair mór ar a máthair a dhul agus na fir suas an bealach mór a fháil le tarrtháil a thabhairt air agus chomh luath agus a thug, stop an ceol. Ceantar uasal a bhí ann agus níor chóir baint dena leithéid. Bean a bhí ag inse di faoi áit in aice léi thuas an tír a bhí uasal, cheannaigh fear é agus rinne sé athruithe ach bhí a chuid eallaigh ag fáil bháis, ach nuair a chuir sé na creaga a tharraing sé amach ar ais, bhí gach rud go breá. Creideann Bríd go bhfuil sióga agus taibhsí ann. | 00:03:38 | |